Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)
- Suíomh:
- Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Turraichín, Goold's Cross
- XML Leathanach 024
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Ceardaighe - Sagart is laidin na gceann.”
Ceardaighe
- Sagart is Laidin na gceann
'S a mbuilg go teann le Punch.
Sagart
- Ceárduighthe ag obair go mall
Is buille aca thall 's bhus(gan teideal)
“Comhairle mná gan iarraidh.”
Comhairle mná gan iarraidh
Ní theidheann gan bheith sonaidheNá bhí déanach amuigh gan gnó
Ná caith do chuid i dtigh an óil.(gan teideal)
“Eascaine an éinín ar an té a chaill a nead.”
Eascaine an éinín ar an té a chaill a nead:
An té a chaill mo nead nár mhairfidh sé i bhfad
Agus ná raibh bó ná caora roimis amach
Agus annsan nuair a thiocfaidh an Luain
Go mbristear a láimh dheas(gan teideal)
“Bhí fear agus cailín i niaidh a chéile.”
Bhí fear agus cailín I ndiaidh a chéile
D'iompuig an buachaill uaithi ar chailín eile
Ar a gcasadh ar a chéile arís, dubhairt sí
Má's buachaill tú 's a lorg mná dhuit
Má's a lorg duit gus a fághailt duit
Urlár lom fút, fá mhórán gárlach
A n-athair na dall agus iad gan mháthair.