Scoil: Turraichín, Goold's Cross (uimhir rolla 15273)
- Suíomh:
- Toirthín Uachtarach, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Turraichín, Goold's Cross
- XML Leathanach 025
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Réir Dé go ndeineam
Beatha na Naomh go dtuilleam
Soillse na bhflathas go bhfeiceam
Agus ceólta na nAingeal go gcloiseam.
Amen.Mo ghrádh do chroidhe se a Rí na Glóire
Mo ghrádh, mo ghrádh bhur gcroidhthe-se
A Íosa a Mhuire agus Naomh Iosep
As na trí chroidhe sin atá mo mhuinghín agus mo dhóchas. - NA PÚCAÍGéilim dóíbh acht nílim deimhinghtheacht díóbh
Duine ar a shástachtNíl aon áít anáirde aige (not fully stocked)
Ná aon áit i n' fásach aige (sufficiently grazed)
Acht bíonn fáilte roimis is na h-aon bhall
Gaisghidheach ar a bhéulScaoil mé chun an bhodaig
Acht ná leig an bodach chugam
Capall samhraidh nó
Cailín Domhnaig na bac leo.