Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhi fear na chómhnuidhe i naice le Sráid na Cathrach air amháin agus Diarmuid O Seanacháin ab ainm dó. Cheap Diarmuid bocht nách raibh a ainm féin galánta go leor agus shochruig sé é a aistriú dti "OBriain" sloinne uasal. Ní raibh a fhios aige connus a deanfadh sé é ach i ndeire thiar thall chuaidh sé dti an sagart parróiste agus diarr air é a dhéanamh dó. "Ó déanfad é sin duit agus fáilte" ars an sagart "Ach caithfidh tú ullmhú a dhéanamh cuige sin. Cuir féasta mór ar siubhal oidhche árighthe agus beir cuire don cháirdibh go leir agus dod chomarsana. Beidh mise ann nuair a bheidh gach rud socruighthe agat"
Chuaidh an fear abhaile agus dhein sé gach rud mar dubhairt an sagart. Tháinig an oidhche agus mar araibh sluagh daoine ann ní lá fós é. Bhí an sagart agus a chléirech ann. Ditheadar agus dóladar a ndóthain agus nuair a bhí sin déanta acu dubhairt an sagart go raibh sé i-n-am an obair a dhéanamh. "Ós rud é go bhfuil tú baistighthe ceana féin", ar seisean "do réir Riaighlacha na hEaglaise níl cead agam fein aon rud eile a dhéanamh duit ach do thugas mo chléireach anseo liom agus tá sé go h-an mhaith cun rudaí den tsaghas san do dheanamh. Déanfaidh sé an obair go h-áluinn duit" Deirig an cléireach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Sheasnáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Forúir, Co. an Chláir