School: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (roll number 10741)
- Location:
- Forúir, Co. an Chláir
- Teacher: Máirtín Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Bhí bean agus a mhach na gcomhnuidhe thuas + Sliabh Collain fadó.”
Bhí bean agus a mhach na gcomhnuidhe thuas a Sliabh Collain fadó. Ni raibh aon caoi maireachtáil acu ach cuig nó sé gabhair agus botháinín beag suairch. Dubhairt an Mach lé na mháthair go raghadh sé go hAmeriocha. "Má imthigheann tú go hAmeriocha a Sheáinín a Grádh tahair leat do cat" ars an máthair. Dimthigh Seáinín agus thug sé leis an cat. Nuair chuaidh sé anall go 'Meirioca casadh fear mór saidhbhir air. Deir sé "Aimsir bliadna" leis. Bhíodar sásta lé na chéile ach bhí cuid mór frannchach agus luch in an tig mór. Dubhairt an maighistir leis go gcaithfeadh sé madra a thabhairt leis ag dul acodhladh dhó. "Cén ghnó" adubhairt an seirbhiseach Seáinín "Tá cuid mór frannchach agus loch ins an seomra "ars an maighistir. Dimthigh Seáinín go dtí an bosca agus thug sé amach an cat. Nuair connaich na frannchaigh an cat ag leimint amach as go bráth leo in gach treó. "an ndiolfaidh tú an cat" ars an maigistir. "Ní dhiolfainn a dubairt sé "ar aon airgead" D'fan an sgeal amhlaidh go ceann tamaill. Tháinig na franncaigh arís go dtí seomra an maighistir ach níor thanghadhar dtí seomra Sheáinín ar ao'chor. Cuaidh an maigistir dtí seomra Seáinín. "Tabharfaidh mé míle punt duit ar an gcat" ar seisean. "Ní fhíolfainn é ar aon airgead' a dhubhairt Seáinín ach tiubraidh mé an chat agus cat eile dhuit(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Seasnáin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Máiread Ní Charraig
- Gender
- Female
- Age
- 70
- Address
- Forúir, Co. an Chláir