Scoil: Radharc na Sionainne, Lios Uí Chathasaigh (uimhir rolla 10741)
- Suíomh:
- Forúir, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máirtín Ó Seasnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fadó agus bhí triúir mach aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)thiocfadh an duine uasal. Nuair a fuair an cat é amuigh ins an abhainn chaith sé an sean-éadach leis an tuille. Tháínig an duine uasal go gairid "Ó a dhuine uasail a dubhairt an cat tá an rí mhilis á bádhadh." Táinigh sé anuas as a chóiste agus thug sé amach an rí mhilis as an uisge. "Tá a culatih-eadhaig imthighthe leis an tuille" dubhairt an cat. Chuir an duine uasal fios ar eadach nua agus chuir sé ar an rí mhilis íad. Dimthigh an cat roimhe ar an mbóthar. Connaich sé cuidh mór fir ag sábhailt féir. "Má íarrann an duine uasal cé leis an áit seo abairighidh gur leis an rí mhilis é" ars an cat leo. D'imthigh an cat piosa eile den bothar agus connaich sé cuid mór ba agus fear dha coimeád agus dubhairt an cat leis an bhfear an rud ceadhna a rád. Dimthigh an cat annsan gur connaich sé tigh mór breágh gan aoinne ag maireachtáil ann ach fear a raibh draoidheacht aige. Do sheas an cat ar doras an tighe mhóir. "Cá bfuil tú ag dul" a dubhairt an fear a bhí istigh. "Do airig mé" a dubhairt an cat "go raibh cuid mór aistighe aghat agus ba mhaith liom cuid aca dfeisgint." "Ar mhaith leat mé a dhéanamh capall mór díom féín," dubhairt an fear. "Ó níor mhaith liom é sin" arsan cat "ach ba mhaith liom go ndeanfá luch díot féín bheadh níos mó spóirt agam ort." Dein sé luch dhe féín annsan. Cuaidh an cat ar léím air agus dith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Seasnáin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Mairéad Ni Charraig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Forúir, Co. an Chláir