Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí feirmeóir ón áít seo ag tabhairt aire do bheithidigh a bhí san bhfeirm aige. Chnnaich sé scata daoine ag teacht na dtreó agus iad ag marcuigheacht ar capaill bháine. Annsan tháinig a lán smaointí isteach na cheann. Da mbeadh capall agam anois ar seisean, raghainn ag marcuigheacht libhse.Tá cead agat capall d'fhágháíl arsa fear ceannais na marcach, dá gcuirfair in iúl dom ná abrócair focal nuair a táir in éinfeacht linn. Gheallaim duit nách abróchadh arsan fheirmeóir. Annsan fuair sé capall a bhí go deagh-chroicinn groidhe cumasach agus chuaidh sé ag marcuigheacht air, agus as go bráth leó ar nós na gaoithe, go dtángadar go dtí alt, áit ata (?) inaice na h-áite seó.Do léimheadar go léir thairis. Nuair do bhí léim déanta aca, do labhair an feirmóir."Bedam, ar seisean, tá an fuil ionat gan amhrais, a capaillín. Annsan bhí an geall briste agus do thuit an capaillín agus a marcach ar an dtalamh. Nuair a d'éirigheadar cad a chífadh an feirmeóír ná gur ar a bhulláin féín a bhí ag marcuigheacht.
- Bailitheoir
- Mícheál Ó' h'Éaghráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó h'Éaghráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir