Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí a lán scoileanna scairte mór thimcheall na h-áite seo fadó. Bhí scoil ar thaobh an t-sean bhóthar in-aice le tig Seán Mac Magtamhna i gClocán Mór, Sráid na Cathrach. Is é Mac Cuirtín a bhí ag múineadh ann. Siad na stóil a bhí aca ná fóid móna. Geartí na fóid san Samhradh agus d'fhágidís amuigh iad go mbíodh siad tirm. Níl thios ag na daoine ce'n áit a rugadh an maighistir acht do bhíodh sé ag dul o áit go h-áit ag múineadh scoile. Is istigh i mbothán beag a muintí na scolairí.Do chuireadh na muinteóiri fútha i dtigthib na bfeirmóirí. Do muintí Gaedhilge ins na scoileanna san leis. Ní bhíodh aon pheann aca ach píosa de (gravel) agus leis sin scríobhadh na páistí. Is ar slinnteacha a scriobaidís mar ní raibh aon cóip-leabhair na rudaí mar sin aca mar atá ag paistí scoile an lae indiu.
- Bailitheoir
- Liam Ó h'Eagráin
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán Ó'h- Eagráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir