Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Do bhí uraim don fhogluim agus aon léigheann...”
(ar lean ón leathanach roimhe)sé leasa maith dos na páistíbh uaireannta. Ní rabhadar maith in aon chor igcóir figiúirí, agus is minic a chaithí trí miosa nó mar sin ag foghlum na táblaí simplidhe. Ní bhíodh pioc de stáir acha acht bíodh an gaedhilge acha gan dabht.Sé an págh a gheibeadh an muinntór - ná dhá sgillinge ó gach páiste a bhíodh aige. Is amhlaidh a choimeadfadh sé é féín. Ní bhíodh air na daoine aon rud do thabhairt dhó. Acht mar sin féin is minic ná théigheadh cuid acha beug nó mór cuige in aon chor. Do bhí scoil mór eile san áit a bhfuil Pádraig O Scolane Sliabh Calláin, Sráid na Cathrach na chómhnuidhe anois. Sé an fear a ag muineadh ann ná Pádraig Ó Lidde.Sean fhear críon caithte é nuair a tháinig sé ann ar dtúis. Do bhí meas mór ag na daoine air, agus cuireadh na páistí suimh mór air. Ar marcuigheacht ar capall a thagadh sé ann. D'osclóchead sé an scoil ar a naoi san maidin, agus ní bhíodh deire leis go dtí a chúig a clog sa tráthnóna. Ní raibh aon cigirí ann san t-am sin, agus deineadh siad a ndícheall sgrannradha chur ar na paistí, cun a gcuid ceachta d'fhoghluim. Do bhí poll beug san bhfalla cun(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Mhathgamhna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir