Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)

Suíomh:
Letterkelly, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seosamh Mac Dáibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    beannuighthe áirithe igcóir gach sórt galair beagnach. Tá tobar i Leacht Úi Choncubhair ar a dtugtar Tobar Naomh Bríghde, agus tá leigheas ann igcóir súile tinne.
    12) Seo leigheas igcóír fáirthní. Sparán d'fhághail, agus annsan na fáirthní a bheadh ort do cóireamh. Agus an méid fáirthní a bheadh ort, an méid sin de chloca do chur isteach san sparán, agus é d'fhághaint ar an mbóthar. Annsan geobhaidh duine éigin é, agus annsan ní thiochfaidh na fáirthní ort a thuille.
    13) Deirtear go bfuil leigheas imbainne asail igcóir an triuch. Deirtear é sin pér domhain é, acht ní fheadar an fíor é.
    14) Tá galar ann, pian ar do cheann. Is féidir le uisge a bhíonn in áit, a thagann trí paróiste le chéíle é do leigheas.
    15) Deirtear go bhfuil leighis i inneóín an gabhann cun pian a bheadh ar dhrom duine do leigheas. Sé an caoi a deintear an leigheas sin ná luighe treasna an inneóin, agus do cheann síos. Annsan buailfeadh an gabha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Mhathúna
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Nóra Murray
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Gill Máirtín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Letterkelly, Co. an Chláir