Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 127](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0612%2FCBES_0612_127.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 127
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 127
- XML “Leigheasanna”
- XML “Leigheasanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)raibh driofíur aige sa bhaile go raibh níos measa ná é fhéin. Dubhairt sí sin núair a bhí sí ag féachaint isteach tríd an buidéal. Annsan tháinigh duine éigin isteach, agus chuaidh Brighidh amach ag cainnt leis an nduine. Núair do chuaidh sí amach, d'féach an fear féin isteach tríd an buidéal, agus chonnaich sé a dhriofíur féín, a bhí sa bhaile. Do chuaidh sé abaile, agus b'fior do Brighid, mar sar a raibh an bhliadhain caithte, do fuair an driofiúr bás.
- Bhí bean feasa ina chomhnuidhe fadó i mBán Sliabh i tighe beag. Sé an t-ainm a bhí uirthi ná Áine Ní Laoidhe. Do bhí sí ag dul leis na sidheóghaibh i gcomhnuidhe má's fior é. Aon oidhce amháin, bhí sí ag siubhal amach ar an mbothair, agus é ag faghail bháis, agus núair do bhí sé ar bhruach an bháis. Do thugh sí an cumaer do, agus ní bhfuair sé bás, is amhlaidh a bhí sé ag dul i bhfeabhas as san amach. Deirtear gur mó thuras a thug sí go dtí Sráid na Catrach agus Inis' Diomáin. Núair a thaghadh sí tar nais, biod go leor eolais aici ar gach rud, mar ní thaghadh sí abhaile go ceann seachtmhaine go minic, agus do bhíodh go leor draoideachta aici freisin mar is docha go mbíód sí imthighthe leis na sidheóghaibh. Dá bhíodh sí imthighthe, gach dara lá, agus ní bhíodh a fhios ag aoinne cá mbíod sí imthighthe. Lá amháin bhí sí ag fághaint slán, leis na daoine a bhí ina chomhnuidhe in aice lei sa comarsanacht, agus dubhairt síg o mbeadh na sidheóghaibh ag teacht go Carraigh. Fuair sí bás nuair a bhí sí timcheall cad bliadhain d'aois. Sin é an sgéal mar gheall ar Áine Ní Laoidhe.
- Faisnéiseoir
- Nora Murray
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Seoladh
- Letterkelly, Co. an Chláir