Scoil: Leitir Uí Cheallaigh, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 9229)
- Suíomh:
- Letterkelly, Co. an Chláir
- Múinteoir: Seosamh Mac Dáibhid
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dia's Muire dhuit a phaidir ghil, Dia is Muire dhuit feín
Cá cudlad tú anocht mar a cudlóg na mbocht.
Cá ar cudlaidh tú aréir, mar a cudlaidh mac Dé,
Cá tudlódh tú 's t-oidhce mbarach
Cudlód ag pádraig, Cad eile rud sin roinnt (?) amach, dhá chéád aingeal. Cad iad san id dhiad aniar, dhá chéád aspól, Cad é sin in do laimh dheis agat. Budéilín uisge cosruighthe
Thug Mhuire Mhathair dó-se (?) ó dhoras go doras go do deug dorus. (?) Flaith thúinis, cuilt mar an óír 's fainne óir ar gach naomh, is mairig (?) a dul 's mairg a cráibh, is marig dort na fola ar lár an chláir, Cé mbeidh an paidir geal aige is í rádh gach lá cífidh fé an Mhaighdean glórmhar trí lá roimh lá a bháis is ní fheicfid sé ifrinn fuar go bráth.
Paidir chun an teine do choigilt.Coighlim-se (?) an teine mar a choigil Brighid an Cáisg, (?) Brighid agus Muire na lár, na seacht n-aingil in áirde 's na Flaitheas ag coimeadh na daoine in (?) thig seo go lá.(leanann ar an chéad leathanach eile)