Scoil: Eidhneadh, Inis (uimhir rolla 14622)

Suíomh:
Eidhneach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ss. Mac Gearachaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 230

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0612, Leathanach 230

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eidhneadh, Inis
  2. XML Leathanach 230
  3. XML “Fir Mhaithe Siúil”
  4. XML “Siúlóir Ársa”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 230
    "Fir Mhaithe Siubhail"
    Do chómhnuigh fear de mhuinntir hollarún i Machaire triochad bliana ó shoin agus siubhlóir ársa dob eadh é.Uair amháin do tháinigh rud éigin in a choinnibh agus b'éigean dó dul go b'lá Cliath chun an chas do réidhteach.Do siubhal sé go dtí Bhl'Á' Cliath lá roimh ré.Nuair a shrios sé an chathair do chuimhnigh sé go raibh páipéarí éigin a bhí uaidh go rabhadar fághta sa mbaile i Machaire in a dhiaidh.'Sé rud a dhein sé ná tosnughadh ag siubhal céim ar chéim agus níor stad sé go dtí gur shrios sé a thigh féin i Machaire .Fuair sé na páipéirí agus thosnaigh sé ag siubhal arís ar ais go B'l'Á Cliath an lá in a dhiaidh sin sular thosnaigh an triall.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Éigeartaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Machaire, Co. an Chláir