Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)

Suíomh:
Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
Múinteoir:
M. Mac an Airchinnigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 332

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0617, Leathanach 332

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
  2. XML Leathanach 332
  3. XML “Ainmhithe Neamhshaolta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 332
    21adh Nodlag 1937
    Ainmhithe Neamhshaolta.
    In Éirinn indiú tá sean -rathanna ,liosanna,dúin nó úaimh le feiscint ó aimsear na daoine maithe.Is beag condae nach bhfuil a méid féin des na fothracha sin aice agus go cinnte níl Condae an Chláir gan a cuid dóibh.I dtuaisceart an Chláir tá uaimh ar a dtugtar Úaimh Cill Cornaigh le feiscint .'Séard atá ann na bealach faoi talamh ag síneadh ó Carn san áit sin go Baile Uí Bheacáin sráid-bhaile eile taobh thúaidh de'n Chláir ach níl fios ag aoinne
    cé'n fhaid atá intí mar deirtear gur chuaidh triúr fear isteach ann úair chun é d'infuicheadh .Tógadar coinnle leó idtreó is go mbeadh solus acu mar tá fios againn nác féidir solus na gréiné do dhul tríd an talamh.
    Thógadar gráiní leo freisean chun íad a chaitheamh ar an dtalamh i dtreó is go stuírócaidis íad ar a mbealach aar ais ach mo léan do mhúch an gaoth na coinnle núair bhíodar leath slighe agus bhí orrtha fanamhaintannsin ar feadh tri la san bhfúacht agus bhíodar caithte leis an ocras.Tháinig duine éigean eile go brúach na -h-uaimhe agus chuala sé íad ag sgreadadh.Fúair sé cabhair agus tógadh an triúr amach go slán ach briseadh ar a sláinte agus nior mhaireadar i bhfad.Go dtí an lá seó níor chuir aoinne isteach ar an úaim.
    Gach blian tagann capallaibh amach as an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Chríocháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Ghadaí Thiar, Co. an Chláir