Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortown, Cill Seanaigh
- XML Leathanach 394
- XML “An Lios”
- XML “Tiarnaí Talúin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na h-áite. Bhí dhá rían ar an dtaobh amuigh, trí ríain nios fuide amach agus mar sin, rían níos mó i ngach líne go dtí go raibh cúig-deag díobh ar fad san líne ba sia amach. Chuarduig sé go cúramach ach dubhairt sé féin ná raibh rían aon ní, coise éin ná aon rud le feiscint ach amháin an radharch sin. Rian an choise clé dob eadh iad go léir.
- Tigearnaí Talman
Dob é Straicpull Mathún an tigearna talmac deireanach do bhí im' ceanntair féin agus ba mór an méid díobh a bhi ann ó tosnuigheadh a leitéid ar dtúais. Ba olc an tuairim do bhí ag na daoine ortha mar thíortánaigh dob eadh cuid is mó díobh.Chuireadh daoine as a seilbh im'cheanntar ac tugad a gcuid dóibh ar ais nuair a socruigheadar ar roinnt cíosa do díol.
Ní raibh baint ró-mhór ag na daoine fadó len a gcuid talmhan agus annsan tógadh na tigearnaí talmhan a fheirm ó éinne ag a mbeadh talamh bhreagh ,nó dá dúiltuigeadh sé leis an Protastúntacht (sé leis an ) chuirfeadh sé as a seilbh é.Do roinneadh an talamh 'na feirmeachaibh fé stiriú na tighrarnai talmhan.Ni fuair gach éinne coda cothrom.Dá dtabharfadh fear breab do'n tighearna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máiréad Ní Luanaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Móin Fhríle Theas, Co. an Chláir