Scoil: Gortown, Cill Seanaigh (uimhir rolla 14238)
- Suíomh:
- Baile Mhic Cráibhín, Co. an Chláir
- Múinteoir: M. Mac an Airchinnigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon baile fearainn nó conndaé nach bíonn rath nó dún nó cathair ann ón sean aimsir. Ní bíonn act rían de cuid aca ann act mar sin féin is féidir a lán eólais a fhághail ó na sean daoine na thaobh. Maidir lem' bhaile fearainn féin tá cathair ann ón sean aimsir agus deireann béaloideas go bhfuil sí i bhfad níos aosta ná an ceann atá in Oilean Árainn."Cathair Dún Fhergusa" a tugtar air mar deirtear gurab é fear ar a tugtar Fergus Mac Ríogh a chuir ar bun é timcheall na blíana 300 R.C. Tá sí le feiscint fós súas imeasg sléibhte Ceann Bóirne tímcheall míle go leith ón bhóthar. Tá an cuid is mó de ann fós act tá an cuid eile laigidhte go dtí an talamhan le imtheact aimsire. Deirtear go bhfuil a lán óir agus ornáidí í bfolach ann act ní bíonn misneach a dothain ag aoinne é a cúardaigh. Chuaidh beirt fear chun é a chúardaigh anuraidh act tar éis tamaill beag chúadar abhaile. Níl fhios ag aoinne cén fáth a imthigheadar agus níor thángadar as sin amach chun na háite. Bféidir gurabh é ceann des na daoine maithe a chonncadar. Siobhan Ní Chathasaigh Ranng a hocht
Bealac, Innis Díomáin, Co. an Cláir- Bailitheoir
- Siobhán Ní Chathasaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bealach, Co. an Chláir