Scoil: Furglan, Inistíomáin (uimhir rolla 11813)

Suíomh:
Forghleann, Co. an Chláir
Múinteoir:
Seán Mac Daibhid
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 390

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0620, Leathanach 390

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Furglan, Inistíomáin
  2. XML Leathanach 390
  3. XML “Ór i bhFolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tamaill ó shoin bhí feirmeóir bocht in a chomhnuidhe i gceanntar ar a dtugtaí Sgeach. Tá an t-ainm ceadhna ar an áit fós. Tá sé ar thaobh thuaidh de Slíabh Callán.
    Oidhche áirithe do thaidhreamh d'on fhear seo go raibh cróca ór i bhfoghlach i n-aice droichid a bhí comhgarach do Cathair Luimníghe. Níair d'eirigh sé maidin lá ar na bhárach do chuir sé é féin i gcóir agus seo chun bóthair é. Níor bhfada gur shroich sé an droichead agus thosnuigh sé ag cúartaigh agus ag romhar. Duine a bhí ag dul thart, thug sé fé ndeara an cuartóir agus do chuir an beirt cainnt ar a chéile. Tríd an cainnt agus an comhrádh d'admhuigh an Cláiríneach an fonn a bhí air agus can a ruag go dtí an áit é. "Tá tu ag dul amugha" a dubhairt an stróinséar. "ní annsan ata an ór cor ar bith, acht i n-aice droichid láimh le Slíagh Callán". D'innis sé go cruinn do an áit in a raibh an ór i bhfoghlach agus tháinig an fear abhaile agus [go] moch ar maidin bhí sé amuigh ar thóir an t-óir agus bhí an t-ádh air an babhta seo mar fúair sé an t-óir.
    Istigh i gcróca bhí an t-ór agus leac cuibheasach mór anúas air. Thóg sé an t-ór agus an leac isteach abhaile leis agus thug sé fé ndeara go raibh scríobh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Innéacs seanscéalta
    AT1645: The Treasure at Home
    Teanga
    Gaeilge