Scoil: Clochar na Trócaire, Inistíomáin (uimhir rolla 16359)
- Suíomh:
- Inis Díomáin, Co. an Chláir
- Múinteoir: An tSiúr Teresita
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh fear ó'n bparóiste ar faoisdine an lá fé dheire. Déis na ngáh-cheistiona d'fhreagairt. D'fhiafruigh an sagart de cad do dhein sé as slighe ó shoin.
"A athair," ar sé " do ghoideas súgán."
"Súgán" ars an sagart; "Shuarachas é sin; is dócha nar bhfiú puinn é. Cad eile dheinis?"
"A athair" ar sé "bhí muc ceangailte de'n téid úd."
"A reascail beitheamhnaig," ars an sagart, "cad chuige nar innis é sin an céad uair?"
"Dar fiadh" a athair ar sé, "cheapas gur mhór an ní dhom an sgéal a bhogad dhom féin ar dtúis."
An duine a thug an t-eolas dom.
Bean Uí hAodhagáin, Bóthar Nua, Inisdíomáin- Bailitheoir
- Áine Nic Aodhagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Díomáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Bean Uí hAodhagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Díomáin, Co. an Chláir