Scoil: An Rinnín, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 9425)
- Suíomh:
- Rinneen, Co. an Chláir
- Múinteoir: Pádhraic Ó Cionaoith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Amhrán na Cruaiche (ar lean)
“Ar maidin Dia Sathairn is mé in leabadh luighe shuan”
(ar lean ón leathanach roimhe)213.
Ba ró-ghearr in a dhiaidh sin gur árduigh an chruaich,
Do líonadh in a goille í go fuinte 's go cruaidh,
Is do bhí fá mhogall tráthnóna go luath.
Is annsan do bhí Peadna go sásta. X1
Nuair a bhí sí againn socar agus sop ar a bárr
Do ghlaoidh sé ar na fearaibh agus Fuair Dóibh suidheacháin
Do ghabh sé siúd timcheall le gloine a bhí lán
Is níor bh'fuláir nár gur ólaid a shláinte. X11
Go mairidh sé beo chun í a dhéanamh an ath-bhliain.
Faoi shaol agus fé shonas an Fear Fairsinng Fial.
Mar gur tháinig sé linne is bhain dúinn ár gciall.
leis an rud úd a dhein riamh le'n a lán é.
X111
D'éirigh sé ar maidin dhá uair roimh an lá ,
Féachaint ar chorraigh na ar bhog na súgáin,
Do chuairdigh sé go dlúth í ar fhaid a cliathán,
Is níor baoghal ná gur fhan mar ba bhreagh leat.
X1V
Do thuit sí ar a chéile go deas is go dlúth ,
is níor chuir sí in ao'chur di acht mara sheasóchadh an long.(leanann ar an chéad leathanach eile)