Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Proinnsias Ó Sandair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá Caislean Dúin Ógáin suidhte i lár pharóiste Cílle Mhuire Uí Breacáin tímcheall míle ó Sráid an Mullaigh ar thalamh Pádraig Ó Ghormáin.Deirtear gurbh íad na Danair a chuir an Chaisleán sin ar bun.Deirtear gur chuir na Danair ór agus rudaí eile lúachmhara san Chaisleán sin agus núair a bhíodar ag teicheadh as an dtír ní bhfúaireadar an seans cun an óir agus na rudaí eile lúachmhara a thabhairt leó.
Annsan do chuireadar draoidheacht ar an ór go bhfanfadh sé ann ar feadh céadhta blían agus nuair a bhéadh an t-am sin istigh go bhfaigheadh triúr dríotháir é.Deirtear ná fuil sé ceart aon rud a dhéanamh leis an gCaisleán, mar blíanta o shoin do tháinig daoine cun an óir d'fáil agus cé gur dheineadar a ndícheall níor éirigh leó agus thuit mí ádh éigin ar ghach duine acha.Deirtear leis go bhfuil bean bheag, bhídeach ag tabhairt aire d'on ór.Máirtín Ó Seanáin, Dún Ógáin a thug an scéal san dom- Bailitheoir
- Pádraig Mac Iomaire
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Ógáin, Co. an Chláir
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Seanáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Ógáin, Co. an Chláir