Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 3928)

Suíomh:
Mullach, Co. an Chláir
Múinteoir:
Proinnsias Ó Sandair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mullach, Sráid na Cathrach
  2. XML Leathanach 006
  3. XML “Caisleán an Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá caisleán i bhFinór Mór agus 'sé an ainm atá air ná Caisleán an Óir. Tugadh an t-ainm sin air mar bhí pota óir i bhfolach ann le fear a bhí ana shaidhbir.
    Nuair a chuaidh sé cun an óir do chur i bhfolach do thug sé fear eile leis a bhí in a chara mór aige. Do theasbáin sé d'on fhear an áit in a raibh sé cun an oir do chur.
    Do chur sé é i bhfolach, agus d'iarr sé ar an bfear gan labhairt le aoinne beo mar gheall air. Do thug sé a fhocal na labharfadh sé é le aoinne go deo.
    Do sgaoil sé urcar leis an bhfear mar cheap sé go n-inneósadh sé an run do dhuine éigin agus go bhfeadfadh sé é do robáil nuair bhead sé féin marbh.
    Tar éis cupla blian do bhí taidhreamh ag fear mar gheall ar an áit in a raibh an t-ór i bhfolach, agus do chuaidh sé ann agus do romhar sé ar an áit in a raibh sé, agus do fhuair sé píosa airgid gan aon mhaith ann.
    Do fhuair sé raol, agus cúpla cnámh. Níor lean sé leis an gcuardach. Tar éis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cristín Ní Sheasnáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Mullach, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Seosamh Ó Seasnáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Mullach, Co. an Chláir