Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach (uimhir rolla 13942)
- Suíomh:
- Mullach, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Ó Conaill
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 517](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0624%2FCBES_0624_517.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0624, Leathanach 517
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhuire, Sráid na Cathrach
- XML Leathanach 517
- XML “Stoirm Mhór - Oíche na Gaoithe Móire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)timcheall cúpla céad slat isteach ar an dtalamh. Bhí an t-séipéal á thógáil i Mullach an t-am san agus leag an gáile na clocha.B'éigin dos na daoine comhnuidhe do dhéanamh len-a gcuid cáirdibh sa chomharsanacht go dtí go raibh a gcuid tighthe ceangailt agus sa treó ceart arís. Deirtear ná raibh na tighthe ceangailt comh daingean annsan agus atáid anois, acht stoirm an-mhór dob' eadh í agus mar sin bhí sé an-chruaidh ar na daoine.Briseadh a lán long ar fuaid cóstaí na h-Éireann agus báthadh iad. Báthadh ceann amháin taobh amuigh d'Oileán na gCaorach agus báthadh an fhuireann go léir acht amháin fear a shnámh go Coillte. Briseadh ceann eile i gCill Chaoidhe. Is fada an cuimhneamh atá ar an oidhche sin agus níor thug na daoine aon ainm eile air acht "Oidhche na Gaoithe Móire."
Stoirm Mhór EileAr an 26adh lá Feabhra, timcheall na bliadhna 1903, bhí stoirm mhór annso in-Éirinn. Deirtear go raibh sé nííos measa ná "Oidhche na Gaoithe Móire" 1839. Do shéid sé an tuighe a bhí ar na tighthe acht bhí na tighthe níos fearr an uair sin ná mar a bhíodar "Oidhche na Gaoithe Móire." Tháinig sé chúghainn gan coinne agus ní raibh na daoine réidh chuige. Ní raibh na feirmeóirí ag cur a gcuid barraí mar mí na Feabhra a bhí ann. Scuaibeadh mórán féir leis an ngaoith agus leagadh mórán tighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Breandán Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Seán P. Ó Baoighill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Coillte, Co. an Chláir