Scoil: Clonmellon (B.) (uimhir rolla 9500)
- Suíomh:
- Ráistín, Co. na hIarmhí
- Múinteoir: P. Ó Droighneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí le feiceál i bhfad uait ar imeall an "estait" ó fuinneóga an Chaisleáin. Chaitfeadh an "ball dubh" sin a bhaint amach ó n-a áit! Bhí muinntir Uí Mháirtín faoi chíos acú agus b'eigean dobhtha a leigint do'n Tighearna a dteach-chomhnuidhe a leagadh cloch ar chloic agus a áth-thógáil in-áit nuaidh nach rabh ar amharc ó fhuinaneóga an Chaisleáin sidh go rabh sé achar fada níos fuide ar shuibhal o'n bhaile. Tá Muinntir Uí Mháirtín san áit nuaidh sin ó shoin.Bhí teach eile suidhte fá amharc an Chaisleáin fosda. Ba le muinntir Bell é ( Tá siad ann go fóill). Ba leis na Bells a dteach féin agus ní rabh siad toiltennach corruighe as an áit. Ní rabh an dara bealach ann leis an Chaisleán a chumhdach ó amharc an teaíchín seo acht fál mór crann a chur taobh an Chaisleáin de teach Bell. - rud a rinneadh.
- Bhí sgoil na mbuachaillí faoi Mháiistir Phrátastúnach ó tharla gur de'n Chreideamh an bunadhas na mbuachaillí sgoile. Tógadh teach na sgoile sa bhliadhann 1803. Lá amháin nuair a chuaidh an sagart Paróisde (an Sagart O h-Éilidhe) isteach innte fuair sé "tracts" (duilleóigíní Prátastunacha) i lámha a chomh-chreidimhthe óg annsin. Bean-uasal de chuid na Chapmans a Rann orthí iad. Chuir an sagart na sgolairí Caitlíceacha 'na seasamh láithreach bonn agus shiubhail sé amach leobhtha. Ní dheachaidh siad arais annsin. Bhí sgoil na gCailíní san áit a bhfuil sé go fóill agus í faoi Mháighistreas Chaitlecigh (Sílim). Roinneadh an sgoil sin in-a dhá leath agus cuireadh na buachaillí Caitliceacha isteach i leath-amháin díthe(?) leobhtha féin feasda. Tamall in-a dhiaidh sin fuair an sagart an sgoil eile arais faoi n-a stiúir (mar Sgoil Náisúinta). Máighistir Caitliceach a bhí in-a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Charles Fox
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Mac ceannaithe (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ráistín, Co. na hIarmhí