Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 177
- XML “Glaoch an Choiligh”
- XML “Scéal eile ó Bhean Uí Chuinneagáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mhuinntear a' tighe é dúiseacht tráth glaodhach coiligh. Níor dhúisigh aoinne roimh a ghlaodhach nó go dtí tamall fada in a dhiaidh. Bhí sé an dhéidheannach nuair dhúisigh Colm Cille agus bhí ar na craobhacha a' los a bhfaillighe (?) ann. Thug sé a mhallacht ar choileachaibh Fheadha Iar Abhann. Ar seisean,
"ní chloisfear glaodhach coiligh san áit seo go deo airís."
"Agus do b'fhíor do" arsa an bhean liom sa. Bhí mé san ceanntar cúpla bliadhain ó shoin agus cheistigheas bean acu i dtaobh glaodhach na gcoileach.
"Glaodach coiligh" ar sise , "the devil a wan crows here no more nor a hen." - Le linn a h-óige thagadh ar chuaird go dtí n-a dtigh fear d'fhearaibh na gcomarsan - Dáibhidh Ó Catháin. Oidhche dá raibh sé amuigh chonnaic sé solas i bpaírc Uí Mhuireadhaigh (Páirc in aice le Thalamhntaí Uí Chuinneagáin agus tá lios innti nó, mar tugtar air annso "Móitín").Pé draoidheacht abhí sa solus lean sé é. As go bráth leis an solus tríd an mhoín tríd "the billows" (?) agus Dáibhidh ar saothar ar a thoír(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Chuinneagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 81
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ballycahan, Co. na hIarmhí