Scoil: An Corrbhaile

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Mac Coitir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 304

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 304

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrbhaile
  2. XML Leathanach 304
  3. XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí droch-ainm ar an mnaoi sin. Deirtear go mbíodh sí ag taisdeal na háite tréis fé don ngréin agus sgian coise duibhe na glaic aice. Aoine a bhíodh ag gabhail thart ar mhuin chapaill um an dtaca sin léimfeadh sí taobh thiar dé agus sháthfadh sí an sgian go feirc ann. Leath an sgéal ar fúd Conndae an Chlaír agus ní leigfeadh an teagla d'aoine dul amach treís tuituim na h-oidhche.
    Thárla go raibh duine de mhuinntir Mac Mathúna ar chuaird i gCarraig a' Chabhaltaig agus b'éigean dó dul go hInis an oidhce sin. Chualadh sé mar gheall ar an sean-mnaoi agus fuair sé féin sgian coise duibhe, mar deirtear ná tagann feabhas riamh ar ghoin ó sgian mar sin. Ag gabhaíl thar Beál Átha dó baineadh geit as nuair a chonnaic sé an cailleach ag deanamh air. Léim sí anaírde taobh thiar de. Rug sé greim daingean ar an sgein agus chuir sé go feirc innte í. Chuir sí luígh (?) an bhaís aiste agus thuit sí. Thaínig sé anuas de mhuin an chapaill agus d'feach sé uirthí. Bhí sí ag cur aistí agus ag ímpídhe air rud eígean do dhéanamh cun í a saoradh.
    " Tarraing agus saígh airís é " ar sise.
    " Ní tarraingeochadh nó ní sháthfad " ar seisean.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Ard, Co. an Chláir