Scoil: An Corrbhaile

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Mac Coitir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 305

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 305

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrbhaile
  2. XML Leathanach 305
  3. XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    dá dtarraingíochadh sí an sgian bheadh deire leis ach leig sé dí bás d'fághail. Do cuireadh í san aít 'na bhfuil an loch fé láthair. Tá an aít timceall ar an-bhogach agus ní féidir le haoine siubhal ar. Scraithmhaing 'seadh é agus dá mbrisfeadh an scraith thágheadh duine síos síos mar deritear nách bhfuil aon teóra leis an doimhneacht atá ann. Tá uaig eile ar an dtaobh thuaidh de'n loch ach mairnéalach a thaínig isteach marbh leis an taoide atá curtha ann.

    (11) GLAS CLUAIN
    Tugadh an ainm sin ar an aít mar gheall ar mhóinfhear síor-ghlas atá ann. Do bhí flatha de mhuinntir Toirdhbhealaigh ann sa tsean aimsir agus ba leó an duthaigh sin go léir. Tá saghas bágh no port ar an dtaobh thuaidh den cheanntar agus deirtear go mbíodh longa agus baíd seóil ag glaodhadh isteach ann in allód. Tugtar " Glas " ar port mar sin in áiteanna. Ós ead é go bhfuil an moinféár sin suidhte cois an chuain ceapann a lán daoine gur mar sin a fuair sé an t-ainm.

    (12) BAILE an LOCA:
    Ar an dtaobh thuaidh dhe Loc Fairrche tá baile beag nó cnuasacht tig ar imeall an locha ar a tugthar Baile an Locha. Deirtear go mbíonn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Ard, Co. an Chláir