Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá deich dtoibreacha beannuithe ins an bparóiste seo.
1. Tobar Chaoi:-
Dhá mhíle siar ó'n mbaile atá an tobar
seo agus é i bpairc ar aghaidh Caisleáin Dúin Lice. Tugtar turas ann ar an nDomhnach nó ar an Daordaoin sin iad na laethe airighte. Tugtar tri turais ag an dtobar. Ma's ar an nDomhnach a tosnuightear is feidir dhá turas a thabhairt an lá san agus an triomhadh ceann a dheanamh an Daordaoin 'na dhiaidh sin. Ach má tosnuightear ar an Daordaoin ní feidir ach ceann amháin do dheanamh an lá sin, an dara cheann ar an nDomhnach agus an triomhadh ceann ar an nDaordaoin 'n-a dhiaidh san. Seo mar a tugtar an turas:-
Bailgtear deich gclocha agus caithear ceann amháin ar an dtalamh i n-aice an tobair roimh tosnú. Siubhaltar mor-timcheall an tobair naoi n-uaire agus deirtear deichniubhar de'n paidrin gach uair, caithtear cloch ar an dtalamh gach uair chomh maith. Deirtear an 10ad deichniubhar deiridh ag an dtobar fein. Ni féidir na trí turais do deunamh i n-aon lá amháin.
Ní fios duinn conus a d'eirigh an(leanann ar an chéad leathanach eile)