Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Chaoi
- Suíomh:
- Cill Chaoi, Co. an Chláir
- Múinteoir: Máire Gromail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tobar do'n chead uair ach luaidhtear Naomh Caoi leis.
Cimiltear an t-uisce leis na suilibh. Tá nos ann rud eigin d'fagaint ag an dtobar, piaca beag mór é. D'reir bealoideas tá frog san dtobar agus an duine a cionn é leigheastar pé galar sul a bíonn a cur air. Is ar maitheas le radharc na súl a tugtar tugtar turas ag an dtobar. Do leigheasadh daoine ag an dtobar so :-
(D'reir Seamuis Ui Griobhtha, ó Sraid Ui Chomhraidhe) leigheasad triúir ann)
1. Cailin ó Inis. Ingean An Bhlachaigh a b'ainm di (pósadh ó shoin í , Bean Ui Riada is ainm di anois). Thagadh sí ar a laethe saoire go Tigh Mhic Mathghamhna ó Maidhbhin. Bhí radharc na súl go h-ana lag aici agus í n-a leanbh. Bhí eagla ar a muinntir go n-eireochadh sí dall. Thug Mac Mathghamhna go Tobar Chaoi í, agus ag criochnú an triomhadh turais di chonnaic sí an frog agus leigheasadh í laithreach. Tá an bhean sin beo fós, agus tagann sí go Cill Caoi gach Samradh ar a laethe saoire.
2. Bean Ui Eidhin, mathair do Bean Ui Mathghamhna Sraid Ui Conaill. Bhí an radharc go h-olc aici. Chuaidh sí go Tobar Caoi agus leigheasadh í. Deineadh sí an turas gach bliain 'n-a dhiaidh sin. Tá sí marbh le se bliain anois.
3. Cailin(Bean Fhuaghala) ó Tiobraid Arann. Lá dá raibhTadhg O Cearmada o'n bFothach a' siubhal i n-aice le Tobar Chaoi connachtas dó go raibh cailín a' siubhal i n-aice(leanann ar an chéad leathanach eile)