Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)

Suíomh:
An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Liam P. Ó Conchubhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0569, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathair Dhúin Iascaigh (B.)
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “An Gabhar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Gabhar
    Mil is céir-bheach bhíodh again ar maidin,
    Ó ghuideadh mo ghabhar aréir.
    Is gabhar é atá coidhche liom sgartha,
    Is de bheatha grásta Dé
    Bhí a mháthair go h-áluinn cun bhainne
    ‘Gus a athair gan cháim (?) ins an saoghal
    Is an dream úd a d’ionntuigh tar falla é.
    Ná feicidh siad grásta Dé.
    Do ghaibh sé siúd síos an claidhe fada
    Is ceangailte ar ceannrach caol
    Bhí beirt des na comharsain dhá fhaire.
    Is mór m’amhras nár chuaidh ar stray
    Bhi beirt des na comarsain dá fhaire.
    ‘San slighe siúd a d’imthigh sé
    ‘S a Dhé ghleighil nár b'éachtach an obair.
    Gus d’eulaigh sé thórsta araon.
    Leag sé siúd lámh ar a earra,
    ‘S ar sin siar di na bléin
    A shúile gur d’ionntaigh in a chloigean
    Lé h-anatha (anfa ?) an t-saoghail go léir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Dubhshláinghe
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Currach, Co. Thiobraid Árann
    Faisnéiseoir
    Éamonn Ó hAillighe
    Inscne
    Fireann