School: Carraig an Chabhaltaigh (C.)
- Location:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Teacher: Bríd, Bean Uí Chatháin
![The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 072](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0633%2FCBES_0633_072.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 072
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Lá dá laitheanntaibh dár bhuail Ceithearnach amach ar fuaid a rioghachta. Thug sé a aghaidh ar Lios na Falainge, bhí an Sluagh Sidhe ann roimhe agus iad a seinm ceoil; dhéaluig an Ceathearnach isteach, agus do rug leis iníon riogh Sliogigh agus d'imigh sí i n-éineacht leis abhaile. Níor labhair sí aon fhocal cainnte leis go cionn bliadhna. Annsan, do chuaidh an Ceithearnach fá dhéin Lios na Falainge arís. Bhí an Sluaigh Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil is ag innsint scéalta dá chéile. "Bliadhain sa lá inniu" arsa duine aca, "seadh do rug Ceithearnach a'Caoithrinn iníon ríogh Sligigh uainn". "Cad é an maith dhó" arsa duine eile aca, "óir ná bhfuil aon fhocal cainnte aici dó". "Is fuirist é sin a leigheas" arsa duine eile aca, "mar dá n-ólfadh sise trí braona as a gcorn dighe seo againne do bheadh a cainnt aici comh maith is do bhí aon lá riamh".
Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do sciob leis a' t-éadach cláir sa raibh ann, agus do rug leis abhaile é, agus thug trí braoin as a gcorn dighe le h-ól d'iníon ríogh Sliogadh. Ní túisce bhí ólta aici ná go raibh a cainnt aici chomh maith is(continues on next page)- Collector
- Brighid Ní Aongusa
- Gender
- Female
- Informant
- Seán Ó Loinghsigh
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir