Scoil: Baile Nua, Baile Mhic Cairbre
- Suíomh:
- Cluain na nDamh, Co. Phort Láirge
- Múinteoir: Pádraig Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Scéalta
1. Fadó nuair nach raibh ach Béarla briste ag na daoinibh do ghlaoidh buachaillín ar a mháthair, "Maimí, Maimí come out till you see the rud. Theys two roithíns and two roithíns running after they, and two capaillíns and bean ins an lár agus fear as a bárr, and fear eile ag fuipeáil ag fuipeál".2. "Tomáisín will you bring a buicéad uisce to the heifer, shes nearly dead with the dry and if you dont I'll croc you to the buimbéal.3. Do chuaidh bean lá dtí bean uasal cun ghirrfiadh a dhíol léí.
"Madam an áirde would you buy a girrfiadh?
"Is it fat?"
"Ar m'anam nach cat ach girrfiadh breágh deas a mharbhuigh Seán leis a gcollach thíos ar an gcorrach".4. Do chuaidh fear dtí aonach chun bó a dhíól. Ní raibh aon Bhéarla aige agus ní bhfuair sé leath a dhóthain ar an mbó mar nár thuig sé an Béarla agus chuaidh sé abhaile mí-shásta.
Nuair do chuaidh sé dtí an aonach arís le bó eile tháinig Albanach cun í ceannach uaidh.
"How much for the cow?"coo", my man?" ars an Allbanach.(leanann ar an chéad leathanach eile)