Scoil: Láithreach
- Suíomh:
- Láithreach, Co. Mhuineacháin
- Múinteoir: Mrs Duffy
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 128](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0939%2FCBES_0939_128.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0939, Leathanach 128
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a Shuibhán" adeir sé "acht char dhíol mé an mhuc agus caide dhéanfaimid ar cor ar bith." "Bi i do thost", ar sise, "tá an t-airgead agam-sa". Phreab Páid ar an urlár le h-athas. "Ó. a Shuibháin marbhochaimid an mhuc 7 beidh fleadh maith againn.
Leis sin thug siad an mhuc isteach 7 mharbhuigh siad I; acht cha raibh clár síneadh aca acht clár an chomhra. Shín siad an mhuc air sin agus chaith a lán uisce fiuctha uirri. Chuaidh an t-uisce tríd an chlár. Sgairt Suibhán amach "O tá an Ministeir sgallta"; leis sin d'innis sí an scéal uilig do Pháid. D'fhoscail siad an chomhra 7 d'amharc siad isteach inti Bhi an Ministeir bocht marbh.
"Caide dhéanfaimid a Shuibhán ar cor ar bith" arsa Páid "crocfar inn gan amhras." "Chan fhuil baoghal arainn " ar sise, "cuirfidh Seaghan an t-amadan é ar scilling". Rith sí chuig Seaghan gan mhoill leis an scéul, agus tháinig sé gan mhoill. Thóg sé an Ministeir ar a dhroim 7 d'imthigh sé leis go dti an reilig agus a spád faoi n-a asgall aige. Rinne sé uaigh agus thosugh ar an Ministeir d'adlachadh. Acht caide tharta acht chonnaic an fear a bhi a' tabhairt aire don reilig é agus rith seisean chuig an Ministeir eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Bean Uí Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ua Cumascaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Tuaisceart, Co. Mhuineacháin