Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail

Suíomh:
Coill Chláráin, Co. an Chláir
Múinteoir:
Ss. Ó Muineóg
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 463

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0592, Leathanach 463

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chláráin, An Fhiacail
  2. XML Leathanach 463
  3. XML “Áitainmneacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leor Áiteanna Ainmneacha san áit seo.
    Seo iad cúpla aca:-

    Tá páirc in bhfeirm Máirtín O'Mhuineog agus tugtar "Gleann na Piobaire" air. Cuireadh an t-ainm san ar an bpáirc mar dubhradh go mbíodh piobaire ag seinam ceol ann gach oidhche san am fadó.

    Tá cnoc beag in aice mo theach agus tugadh "Cúilín" air, mar abhí fear in a comhnuidhe ann darbh ainm Cúilín san am fadó agus bhí sé in a chomhnuidhe in a aonar.

    Tá gáirdín in dtalamh Éamon O Nugent agus tugtar Ros Cré air, mar talamh réidh is eadh é agus tá cré ruadh ann.

    Tá páirc in aice mo theach ar a tugtar "An Inse Liath" air mar tá sé cois na h-abhann agus tá dath liath ar an féar atá ag fás ann..

    Tá gáirdín i bhfeirm Seán O'Britt ar a tugtar "Garrdha Shíoda". Cuireadh an ainm san ar an gáirdín mar bhí bean in chomhnuidhe in teach beag in aice leis agus Brighidh Ní Shíoda dob'ainm dí.

    Bhí gréasaidhe in a comhnuidhe in aice teach Micheál O'Maoldhomhnaigh agus bhí leacan mór aige. Tá sean-bothar ann agus tugtar "Leacan na Gréasaidhe" ar an bothar.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge