School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)

Location:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Teacher:
(ní thugtar ainm)
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070C, Page 06_047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Page 06_047
  3. XML “An Gabha agus an Fathach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    leaba annsin agus chuir sé air a chuid éadaigh. Annsin d'imthigh an gabha agus thug sé píosa iarainn leis. Annsin chuaidh sé isteach i mbád agus d'imthigh leis go dtí an áit a raibh an fathach.
    Bhí fhios aige go maith na clocha móra a bhí le taobh an cladaigh; bhí siad seo chomh socruighthe is go raibh siad cosamhail le staighré móra. Daoine a bhí na gcomhnaidhe thart san áit, chreid siad go raibh an fathach ina chomhnaidhe inaice leis na sgaigrí seo. Tháinic sé chomh fada leis na cairrigreacha fá mheadhon oidhche. Mar b'in é an t-aon uair a bhféadfadh duine saoghalta an doras a bhí ag dul isteach go dthí caisléan an Fhathaigh a fhághail amach. Tháinic an gabha amach as an mbád. chonnaic sé solus ag teacht amach idir na carraigreacha. Chuaidh sé comh fada leis an solus agus lean sé é no go dtáinic sé go dtí a dheire. Connaic sé an fathach é fhéin in a suidhe ar a chathaoir. Nuair a chonnaic sé an gabha dubhairt sé leis in árd a ghotha céard a thug annseo é. "Táinic mé" arsa an gabha, "le Seán a shaoradh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraic Ó Nualláin
    Gender
    Male
    Informant
    Séamus Mac Flannchadha
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Seanadh Fhraochóg, Co. na Gaillimhe