Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 08_023](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0085C%2FCBES_0085C_08%2FCBES_0085C_08_023.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0085C, Leathanach 08_023
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)rópa thuit an fear síos i bpota anbhruith agus sgalladh é. Sgéal crabaid.
Bhí Dia agus Naomh Peadar ag siubhal an bhóthair lá. Tháinig siad treasna ar fhear bocht a bhí ar thaobh an bhóthair agus d'iarr sé déirce orra. Bhí Naomh Peadar ag dul a tabhairt deirce do acht dubhairt Dia leis gan seirce a thabhairt do. Nuair a bhi siad ag teacht ar ais arist casadh leo an fear ceadna agus bhí sé marbh. Dubhairt Naomh Peadar go mba ceart dobhta an déirc a thabhairt do cheana. Bhí cóta air agus bhí go leor píosaí air agus stroic Naomh Peadar é agus bhí sé líonta le ór. Dubhairt Dia leis an ór a chaitead isteach i loch.- Bailitheoir
- Áine Ní Ghallachobhair
- Inscne
- Baineann