Scoil: Béal Feirsde / Belfarsad (uimhir rolla 16374)
- Suíomh:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“Srutháin na monach”. Bháist na seandaoine an t-ainm sin air mar gheall ar go bhfuil sé ag rith amac as portach.
(3) Cnocáin:-
“Cnoch oileán buidhe”. Tugadh an t-ainm sin air mar tá sé amuigh ar oileán agus tá créafóg bhuidheann.
“Cnoc Pollratnig”. Báisteadh an t-ainm sin air mar tá sé i bpoll raitnigh.
“Cnocáin sidhe mhóir”. Ghlaodhadh an t-ainm sin air mar tá Cnoch beag agus tá sideóga ann.
“Cnochain beag”. Tugadh an t-ainm sin air mar tá sé beag.
“Cnoc Ruadh”. Is é an fath a baisthead an t-ainm sin air mar tá se ruadh.
“Cnoc Sháile”. Bháist na seandaoine an t-ainm sin air mar tá sé i sáile.
“Cnoc na Gaoithe”. Báisteadh an t-ainm sin air mar tá sé árd agus ceapann an gaoth é.
“Cnocain side beag”. Glaodhadh an t-ainm sin air mar tá cnoc beag agus tá dideóga ann.
“Cnoc na mbruca móra”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tomas Ó Ceamarcaig
- Inscne
- Fireann