Scoil: Bun Machan
- Múinteoir: Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun Machan
- XML Leathanach 278
- XML “Cuairt an Diabhail”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dé chúis ná fuair tú isteach sa chéad tigh a thug mé thú?" arsa fear na gcártaí. "Ní bhfuigheann dul isteach ann mar bhíodar á rá an Rósairí sa tigh sin". "Sa diabhal duit, dé chúis nár fuair tú dul isteach sa dara tigh?" "Ní bhfaighinn dul isteach ansan mar bhí an t-uisce cosanta curtha ac timpeall insan tigh sin". "Agus sa diabhal duit, conas a fuair tú dul isteach sa tigh seo?" "An fear agus an bhean a chónaíonn sa tigh seo níl paidir ná uisce cosaint ag tabhairt aon chúraibh dóibh. Níl siad ag déanamh dada ach ag bruigheann agus ag argóint agus ag mallaightheoireacht agus ag marbhú a chéile". "Bhuel, táim marbh agat. Dé an diabhal sórt duine a chuigint thú?" arsan fear. "Bhuel, is minic atátú tar éis m'ainm-se do rá an oíche seo an fhaid is a bhí tú im iomcar; is mise an diabhal. Bím gach aon oíche idir an fear agus an bean seo nuair a bhíd ag bruigheann as ag marbhú a chéile; caithfidh mé dul isteach anois; beidh siad seo ag fuireach liom agus beidh fáilte is fiche ortha romham". Leis sin d'imigh sé an doras isteach a's bhí sé as radharc.
Maidir le fear na cártaí, bhí sé leath-marbh leis an geit a baineadh as. Is ar éigin a bhí sé ábalta imeacht abhaile go dtí a thig féin.- Bailitheoir
- Ide Bean Uí Chobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Príomhoide (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Liam Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Loingsigh, Co. Phort Láirge