Scoil: Bun Machan
- Múinteoir: Íde, Bean Uí Chobhthaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bun Machan
- XML Leathanach 283
- XML “An Faoisdin Dheireanach”
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus tar isteach sa tigh go tapaidh". Dhein an fear amhlaidh, gan an culaith do bhaint den póiní a cuigint. Chuadar isteach agus dúnadar doras an tigh.
Nuair a tháinigh an maidin dúirt an sagart leis an bhfear dul amach ag féachaint ar an gcapall. Tháinigh an fear ag rith isteach go dtí an sagart. "Ó" ar seisean "tá an capall caillte amach sa stábla". "Ó dé an diabhail?" arsa sé. "B'é an diabhal a bhí ann aréir; an rud a bhí uaidh ná anam an fhir a bhí ag fágáil bháis ach bhain mé an fear uaidh; shíl sé ansan teacht ormsa agus ortsa leis; nuair nach fuair sé teacht ar éinne againn fuair sé teacht ar an gcapall.
Buíochas mór do Dhia na Glóire gur mar sin a thit sé amach. - Is gairid an mhoill bhúr mbuairt.
Is gairid d'fhuacht, teas.
Is gairid do thiormacht, tuille mór.
A's níl aon rud buan ach ceart.
Durrúghadh na muca maith. Durrow of the Fat Pigs.
Seachain an tobac láidir mar tosach láidir agus deire lag.
Deineann seilbh sásaimh.
Coinneal agus coinnleóir ann!
Agus cá bhfuil an leath-cheann san?