School: Lisín na hEilte (Cailíní)

Location:
Lisheennaheltia, Co. Galway
Teacher:
Cáit Ní Choisdealbha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 037

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0017, Page 037

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Page 037
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ó Choillmor ag dul ag an aonach agus an t-ainm a bhí air Seóighe bhí sé ag siubhal go dtáinigh an oidhche. Connaich sé solus istigh i gort. Tharraing sé ar an solus ceard a bhí an acht teach bhí go leoir fir istigh ann fuair sé suipéar agus loistin ann agus d'fhág sé an bó amuigh sa gort bhán agus d'imthigh sé a chodhladh. Nuair a d'éirigh sé ar maidin fuair sé a bhreicfeasta. Nuair a bhí sé ithte aige chonnaic sé na fir ag cur uisge ar a gcuid eadanaca ó pholl a bhí i gcloc taobh istigh de'n doras. Rinne sé fein an cleas ceana agus d'imthigh sé ag an aonach leis an bó. Chonnaic sé ceann dí na fir ann. Tháinig sé suas leis agus thosuigh sé ag caint. Feiceam do mhátaí a bhí leat aréir. Céin súil a fheicean tú iad as. As an ceann seo. Céard a rinne sé leis ach a anáil a sheideam isteach sa tsúil agus dheamhain amhairc a dfhág sé aige ins an súil sin. Tháinig sé abhaile agus mí ón tráth sin bhí sé in a codhladh oidhche agus tháinigh glaodhach ag an doras a radh leis eirghe acht níor thug sé aon áird ar an gloidhe. Deir na daoine dá n-eirigheóchadh sé go bhfuigheadh se an d-amhairc arís. D'fhan sé caoch ins an t-súil sin gur cailleadh é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Bríghid Ní Neachtain
    Gender
    Female
    Informant
    Uaitear óg Ó Fionnagáin
    Gender
    Male
    Age
    27
    Address
    Lisheennaheltia, Co. Galway