School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 202

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 202

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 202
  3. XML “Sa tSeanaimsir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Biadh: DO bhí na daoine san am san an-fholáin mar bhíodh cothú breágh láidir acha.
    Ní raibh puinn té ná súicre ná mórán cógúaisí eile ar siubhal. Bhíodar a' maireachtaint nách mór or prátaí, éisc agus leitin cois fairrge.
    Bíodh cruithneacht ag na feirmeóirí móra, áfaigh, agus bróinte ach á meileadh, ceann nó mar sin ins gach baile. Níorbh fhearr leó an cothú atá anois againn ná mar ní raibh ao' taithíghe acha air.
    Bhíodh prátaí acha agus iasc dearg leasaithe agus do bhíodh min coirce. Bhí bainne tearc san am san mar bhí bhí an paróiste seo ar d'á bhuin bainne.
    Is amhlaidh do bheirítí corcán mór prátaí agus do chuirtí píosa éisc i mbarr a' chorcáin, nó mara ndeintí é sin do bhuailtí treasna na teine é dá róstadh.
    Do chaithidís na prátaí ar a' mbórd agus an t-iasc anuas ortha agus do bhíodh ga' h-aoinne a' stoladh cuige annsan, gac-re greim acha idir prátaí agus iasc.
    Bhíodh an t-iasc an-ghoirt agus d'ólaidís a n-dóithin uisce fuar 'na ndiaidh. Ní mhairfeadh na daoine atá ag eirighe suas indiu ar a' gcothú san i n-ao' chor.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork