School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)
- Location:
- Ardfield, Co. Cork
- Teacher: Pádraig Ó Donnabháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. An té ná fuil láidir ní foláir dó bheith glic.
2. Ní féasta go rósta is ní céusta go posadh.
3.Cad a dheinfadh mac a chait ach luch do mharbhú.
4.Is fuiriste stealladh do leathair duine eile 'roinnt
5.'Si an chearc chúin a phiocann an coirce go leir.
6.Fiche bliain a' fás
Fiche bliain fé bhláth
Fiche bliain a' dul ar ais
A's fiche bliain is cuma ann nó as.
7. Fear a'bhó féin fé 'n-a h-earball.
8. Is mairg a bheidh gan caraid, sínte ar leabaidh chruaidh a' bháis.
9. Is buan fear nó capall 'na dhúthaigh féin.
10. Ni fhágtar bainne beirithe gan earball fluich.
11. Mairig a labhrann dána.
12. Obair gan fuaim gan fiach
'Seadh obair gan biadh gan pháigh.
13.Caithfidh cam a bheith ann chómh maith le díreach.
14. Mas cam díreach an ród 'sé an bóthar mór an t-aithghiorra.
15.Is amith e suidhe ach buadhann síneadh siar air.
16. Ceo ar Muisire is an Cárthach lom
An Chomhartha soininne is fearr sa domhan.
17. Ceo ar abhainn an t-sonais
Ceo ar chnoch ceo an donais.