School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte (roll number 12147)

Location:
Ardfield, Co. Cork
Teacher:
Pádraig Ó Donnabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 233

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0316, Page 233

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Áird (Ardfield), Clanna Caoilte
  2. XML Page 233
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ar an mbaile seo a d'iarraidh ualach móna, tímcheall trí fichid bliain ó shoin.
    Ag teacht abhaile dhó do thuit an oidhche agus é tímcheall meadhon-slighe. Tímcheall a dó dheug a chlog agus é tímcheall míle o'n bhaile do thuit a chapall fé'n ualaigh agus ní fheadar sé cad a dheinfadh sé.
    D'fhág sé an capall sínte agus do chuaidh sé thar nais a' glaoch ar chomharsain. Bhíodar 'na gcodladh agus d'eirigheadar agus chuadar leis. 'Nuair a shroiseadar a' capall bhí fear i gceann a chapaill. Ní fheadar do narbh é fear saoghalta ar dtúis é. D'oscailídear na tarraigh agus dubharadar leis a' bhfear a bhí i mbun a'chapall cabhrú leo agus an trucaill a shathadh siar 'nuair a bhí an capall scaoilte amach. Chuaidh a' trucaill agus an ualach siar mar a bheadh sop tuighe
    Gabhadar a' capall agus már gabhadar do theip ortha í bhreith abhaile. Tháinig straidhn agus do chaitheadar í sgaoileadh amach airís. Tháinig uaigneas ar fear a' chapaill airís agus chaitheadar na comharsain dul abhaile 'na theannta. D'imthigh an fear eile ar ceal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Donnchadh Ó Fínn
    Gender
    Male
    Age
    c. 50
    Address
    Dunowen, Co. Cork