Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
- XML Leathanach 476
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Feuch síos an téteo, feuch suas an téteo, thainig fear na gceithre gcos ..”
Feuch síos an téteo, fiuch an téteo, tháinig fear na gceithre gcos agus sciob sé leis an téteo. Cat agus luch.Fear beag agus a thigh ar a dhrom aige. Seilmide.Corcán lán (de prátaí) agus tógann sé a thuille. Tógann sé uisge. Corcán lán de prátaí.
Bairrle sa tráigh agus a dhá cheann dúnta. Ubh.Ceithre chosa ar an talamh ceann sa tón agus ton ar thalamh. Bean ag crú gabhair.
(Suas an bóirín) Cím é is ní fheicim é
cím i dtor cuilinn é
siúbhlann sé ar bhán
is an drúcht ní bhriseann é.
Scáth duine.Chuaigh sé sa chosán crann. Tháinig sé sa chosán uisge. Fear agus dhá bhuicéad uisge aige.Bíonn sé ag crith anonn 's anall agus ní chorruigheann sé as an áit. Earball muice.M'athair mór ar chúl an chofra agus dhá chóta air. Ceann chabáiste.
Fuair Seán Ó Broinn, buachaill scoile o'n a úncail Pádraig Ó Cróinín, Baile an Chláir: Abha na Scáil.
Fuair seisean ó na mháthair iad. Cailleadh í timcheall 15 bl. ó shoin agus í timcheall 70 bl. d'aois. 'Na baile féin a chaith sí a saoghal.- Bailitheoir
- Seán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cróinín
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile an Chláir, Co. Chiarraí