Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)
- Suíomh:
- An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pádraig Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is claon do ritheas i gcoiribh gur tréigh mo shnódh,
Gan traochadh bhrisinn-se dlithe Mhic Dé na gcomhacht,
Spéis ni chuirfinn i nduine dá naomhtacht glór,
D'fhág mé go tuisil lag singil i ngeibhinn mhóir.I ngeibhinn mhuair ó'n uaig ní fhéachas riamh,
An cleir go buan níor mhúar mé spéis na riagail
Ach craos, as uabhar, as suaidtheacht b'é mo mhian
Bréag do luadhainn agus nár truagh mé féin gan srian.Srian níor chleachtas i mbeartha mo shaoghail go h-óg
Riaghail ná Teagasg níor ghlachas ó aoinne d beó
Ach go siorruidhe i n-earraid lem caraid a's gan géilleadh dhóibh
Dianchlaoidh feasta mé n'easbadh gan aon phioc stóir.Mo stór do scaipeas as níor chaitheas meon sa tsaogal
Ach i meon Mhic Tréatha ba samhailt mo sort mar phéist
Mar móid bhíodh agam as len minic asam bhéól Mac Dé
As ba mhór é mo thaithneamh i mearbhthal páice 's craos.Craos, fearg, sparainn, agus iomad móide,
Léirscrios carad is ag seachaint gach uile mheóin chirt
Ba claon mo bhearta gus mé in ainbhfios buile im sheoladh
D'fúig mé go h-aindeis le sealadh i bhfuireann róclaonBa ró chlaon do comairigheas mo bhearta le cian(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Beaglaoich
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile na Saor Beag, Co. Chiarraí