Scoil: Breac-Cluain (B.) (uimhir rolla 16217)

Suíomh:
An Bhreac-chluain, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pádraig Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 489

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0426, Leathanach 489

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Breac-Cluain (B.)
  2. XML Leathanach 489
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí fear sa Chúil gur b'ainm do Saigdiur na Cúlach.

    Bhí sé san arm agus do mairbh sé tiagharna talman agus do caith sé rith ó's na saighdiúirí. Do bhíodh sé suas i nGleann sa Cumhail agus bhíodh tig beag aige agus bhíodh sé lán de airm aige. Lá amháin do bhí sé ag foghlaeireacht sa Chaol agus do connaich sé saighdiúirí thiar in aice le Caisleán na Mináirde agus do tug sé trí nasgach don captain. Fear ana thapaidh a bead é.D'fheadfadh sé dul anáirde ar capall gan aon lámh a cur air ón dtalamh. Dá bhfeicfeá é ceapfá ná raibh aon anam ann.
    Bhí Saipeal Protastunach i mBaile- na- Cúirte fadó. Oidhche amháin do bhailg na daoine timpeall agus leagadar é. Ní raibh pioch de le feiscint ar maidin. Cuireadh cuid den admad i bpairch Seán Uí Cathasaig. Cuireadh an clog i bportachDubh Ghaill agus fuair sean duine é nuair a bhí sé ag gearrad móna.Do tug sé é go dtí an tighearna talman é agus ní raibh aon cíos ar a tig ar feadh trí bliadna.Do fuair Pádraig Ó Curnáin ceann de's na clocha agus do cuir sé ar a thig é agus do bhíodh sé leagatha gach maidean ag na pucaí agus do caith sé as ar fad é. Tá crann mór ag fás istig i lár na reilge.
    Fadó ní ithidís ach dhá bhéile. Bhíodh béile acu ar maidin agus béile eile san oidhche.D'eirigidis timcheall a cuig a clog agus bhidis ag obair go dtí na naoí a clog. Annsan bhíodh bracfast aca de prataí agus bainne gear. Annsan d'ithidís ar a naoí a clog tráthnóna agus an rud
    ceudna a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Uí Cinnéide
    Inscne
    Fireann
    Aois
    86
    Seoladh
    Baile na Cúirte, Co. Chiarraí