Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 011

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 011

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 011
  3. XML “Díoltas na bPúcaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Mar seo lá nuair bhí Diarmuid Leasa ag tógaint a thíghe nua agus a chómhluadar go léir ag cabhrughadh leis thárla go raibh chómh fada suas le bárr doruis na ceistineach de obair throm an tíghe curtha dhíobh acu agus bhí an rath leis an ndhéumamh chómh fada sin, ach indiu bhí Diarmuid tré chéile toisg nách eirightheach é ag lorg 'leac bhárr dhoruis a oireamnóchadh bharr a dhoruis féin do.
    Thárla tré machtnamh do gur chuir sé aithne ar chloch mhor throm a bhí ós gcionn doruis an leasa a bhí lastiar d'á thig agus dhein sé suas a aigne é thabhairt leis. Siar leis um tráthnóna ag feiscint na leacan, is chuir á méid is a dhéumamh ar a shásacht go leór seana Dhiarmuid. Ar aithint an laé amáireach bhí Diarmuid na shuidhe agus b'fhada leis indiu go raibh lucht obaire ag bailiú, is nuair a thángadar is ar a lán t-sásacht d'innis Diarmuid leasa cad a bhí beartuighthe aige.
    Siúd siar iad is ba ghairid a' mhoíll ortha é an leaca d'aimsiú is do bhreith leó soir chun socarughadh go slachtmhar críochneamhail ós gcionn an doruis is chuaidh an obair ar aghaidh maiseamhail. Ag déumamh amach ar mheádhon
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge