Scoil: Sliabh Riabhach

Suíomh:
An Sliabh Riabhach, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Éamonn Mac Suibhne
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0329, Leathanach 036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sliabh Riabhach
  2. XML Leathanach 036
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Chuaidh Eóghain Ruadh síos amach a baint phrátaí agus bhí tig sagairt le n-ais. Dúbhairt na fir obaire le h-Eógan gur sprúinleóir ceart an sagart ceudhna nár thug faic d'aoinne riamh. Leig Eóghain Ruadh air nár chried sé iad agus dúbhairt sé gur b'iad féin fé ndeárr é is láithreach chuir sé geall síos go raghfhadh sé chun tíghe an t-shagairt is go mbainfheadh sé an dínnéir de. Go luath an tráthnóna san chuaidh Eóghain Ruadh fé dhéin an t-shagairt. Chómh luath is [?] Eóghain an dorus léim an sagart chun é dhíbirt ach chuir Eóghan stop leis is d'iarr sé air cad a dhéanfá le airgid ag a gheóbhfá ag dul amú.
    Le na linn sin d'imtig an fhearg de'n sagart agus d'órduig sé d'en mnaoí tíghe a dhínnéir a thabhairt don bhfear mbocht san. Nuair bhí an dínnéir ithte ag Eóghan d'órduig an sagart tímpléir maith uisge-beatha a thabhairt do is annsan d'iarr sé ar Eóghan cá raibh an t-airgead. "Níor thugais leat sa chearr é a athair" ar seisean "ach dá b'fhaighinn é cad a dhéanfhainn leis." Bhí an sagart bocht ar dhearg bhuille annsan agus béigin do Eóghan rith le na anam. Chuaidh sé chun na bhfear is d'éileamh sé a gheall is fuair sé é, agus ar a 'lán sásachta codail Eóghan Ruadh an oidhche sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ua Céilleachair
    Inscne
    Fireann