School: Sáile (roll number 16052)
- Location:
- Sáile, Co. Mayo
- Teacher: R. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sáile
- XML Page 47
- XML “An Scioból”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí bean ann fado agus bhí mac aici. Cailleadh i agus ní raibh tada le fagáil aige ach sgabháil. Dubhairt sí leis a chur ar a mhuinneal. Bhí sé lá ag siubhail an chnuic agus chonnaic sé loch uisge. Bhí sé ag dearcadh síos sa loch. Chonnaic sé fear ag teacht chuige. Dubhairt an fear leis dá leimfeadh sé an loch go beirfeidh sé a mheachainn féin óir dó. Bhí an gasur ag iarraidh léim a thabhairt síos, ach ní raibh sé ábailte. Dubhairt sé leis an fhear é a chaitheamh síos san loch. Dubhairt an fear leis nach gcaithfeadh ach nuair a bhainfeadh sé an rud a bhí ar a mhuinneal dó go gcaithfeadh sé síos é. Dubhairt an gasur nach bhainfeadh. Léim an fear síos san loch agus rinne sé teine den loch agus beadh an diobhal a bhí ann.
- Collector
- Máire Nich Nulltaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Bean Uí Nulltaigh
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 45
- Address
- Sáile, Co. Mayo