School: Teach Chaoin (B.) (roll number 6830)
- Location:
- Tagheen, Co. Mayo
- Teacher: Séamus Ó Maoilearca
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tagann dath corca air go speiséalta roimh [dul] faoi don gréin. Má bhíonn dath glas ar an bhféir sa ngeimhreadh sin comhartha baistighe. Nuair a sheasaan lachain ar an tsráid ar chois amhain ag féachaint suas ar an spear bíonn báisteach in aice linn.
Nuair a bhíonn an cat ag sgríobadh lén a cosaibh sin cosamhlacht stoirme. Má bhíonn na muca ag giúinighil go hard deirtear go mbeidh gaoth mhór again mar deireann na sean daoine go bhfeiceann na muca an ghaoth agus go mbíonn fhios aca nuair a bhíonn stoirm ag teacht.
Má thagann na h-éanlaithe fiadháine in aice leis na tighthe comhnuidhthe sin cosamhlacht droch aimsire.- Collector
- Séamus Ó Maoilearca
- Gender
- Male