Scoil: Teach Chaoin (B.) (uimhir rolla 6830)
- Suíomh:
- Teach Chaoin, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Séamus Ó Maoilearca
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tagann dath corca air go speiséalta roimh [dul] faoi don gréin. Má bhíonn dath glas ar an bhféir sa ngeimhreadh sin comhartha baistighe. Nuair a sheasaan lachain ar an tsráid ar chois amhain ag féachaint suas ar an spear bíonn báisteach in aice linn.
Nuair a bhíonn an cat ag sgríobadh lén a cosaibh sin cosamhlacht stoirme. Má bhíonn na muca ag giúinighil go hard deirtear go mbeidh gaoth mhór again mar deireann na sean daoine go bhfeiceann na muca an ghaoth agus go mbíonn fhios aca nuair a bhíonn stoirm ag teacht.
Má thagann na h-éanlaithe fiadháine in aice leis na tighthe comhnuidhthe sin cosamhlacht droch aimsire.- Bailitheoir
- Séamus Ó Maoilearca
- Inscne
- Fireann