Scoil: Coillte Mághach (uimhir rolla 12520)
- Suíomh:
- Kiltamagh, Co. Mayo
- Múinteoir: Máirtín Ó Cearbhaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go h-iondual. Ní mór é a deanamh ar a laighead chomh minic sin. Mura ndeantar, go mór-mhór in aimsir shamhraidh ní bhéadh an blas ceart ar an im, ar an láimh eile de ní bhéadh an t-uachtar sáthach aipighthe mura leigtí do'n bhainne fanacht ins na crocaí go ceann dhá lá na mar sin, agus ba deacair an maistre a dheanamh annsin chor ar bith.Má bhíonn aimsear fhuar ann ní éirigheann an bainne reamhar agus ní bhriseann sé chomh luath is nuair a bhíos sé réasúnta te. Cuirtear uisge te isteach ins an gcuinneoig le n-a téidheadh ar ocáideacha de'n tsórt sin. Amannta in aimsear bhrothallach mhairbh b'fhéidir go mbéadh an t-uachtar ro-the, agus da mbéadh deanfaidhe an maistre ro-sciobtha agus annsin ní bhéadh an blas ceart ná an dath ceart ar an im. Bhéadh sé chomh bán beagnach leis an gcailc. In a gceann sin bíonn an t-im ró-bhog agus is doilig míoscán a dheanamh de.Ar an ádhbhar sin gníthear maistre níos minic sa samhradh ná sa ngeimhreadh. Freisin bíonn an bainne níos fairsinge sa samhradh ná sa ngeimhreadh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cearbhaill
- Inscne
- Fireann